| DHÁ CHLUAIS CHAPAILL |
![]()
![]() |
Bhí rí ann fadó. Rí mór saibhir ba ea é, ach bhí aon rud amháin agus ba mhór an chúis náire leis an rí é. Bhí dhá chluais chapaill ar a cheann. Chaitheadh an rí a choróin I gconaí agus mar sin ní raibh a fhios ag aon duinean dá chluais chapaill a bheith air. Bhearradh an rí a ghruaigh uair sabhliain. |
| Nuair a bhíodh an ghruaig bearrtha, chuireadh sé an bearbóir chun báis, ar eagla go n-inseoidh sé daonduine faoi na cluasa. |
| Faoi dheireadh, ní raibh fághtha san áit ach aon bhearbóir amháin. Buachaill óg ba ea é sin. Bhí a athair marbh agusn ni raibh ag an mháthair ach é. Nuair a cuir an rí fios ar an mbuachaill, bhí an-bhrón ar an máthair. Tháining sí I láthair an rí. Caith sí í fein ar a dhá blúin os a chomhair mach agus diarr sí air gan a haonmhac a chur chun báis. | ![]() |
| Bhí trua ag an ri di. Gheall sí di nach gcuirfeadh sí an mac cun báis, ndéanfadh sí rén den rud a dfheicfeadh sé. |
![]() |
Tháinig an buachaill. Bhearr
sé gruaig an rí. Chonaic sé an dá chluais chapaill agus ní dúirt sé aon ní le duine ar bith. Tháinig sé abhaile, ach bhí ualach an rúin ag déanamh buartha dó. Tháínig breoiteacht ar agus bhí sé ag fáil bháis. |
| Chuir a mháthair fios ar sheanduine cliste san áit. |
| Tháinig seanduine agus dúirt sé leis go raibh ualach éigin ar a aigne agus nach mbeadh sé I gceart arís go dtí go n-inseodh sé an rún do dhuine éigin nó do rud éigin. Deirigh an buachaill. Shúil sé síos an bóthar, go dtí gur tháining sé go dtí crann. Chuir sé a bhéal leis an gcrann agus dúirt sé as íseal. Tá dhá chluais chapaill ar an rí . | ![]() |
| Leis sin, d,imigh an t-ualach dá aigne agus bhí sé chomh maith agus a bhí sé riamh . |
![]() |
Tamall ina dhiaidh sin, thug an rí fleá ina theach . chuir sé fios ar na ceoltóirí ab fhearr san áit , chun ceol a dhéanamh dó . bhí duine de na ceoltóirí agus theastaigh cruit nua uaidh . chuaigh sé amach ag lorg adhmaid chun an chruit nua a dhéanamh . Thainig sé go dtí an crann ar lig an buachaill a rún leis. crann breá seo," a deir sé. "Deanfaidh sé cruit bhreá álainn dom ." bhain sé an crann agus rinne sé an chruit . an oíche sin , d"iarr an rí air ceol a dheanamh do na daoine a bhi I láthair . |
| Thosaigh an cruitire ar cheol a dheanamh , ach níor tháinig aon cheol ón gcruit ach amhain na focail seo : " ta dhá chluais chapaill ar an rí ! Tá dhá chluais chapaill ar an rí ! " |
| Tháinig náire ar an rí ansin. Bhain sé an choroin dheann agus thaispeáin se an dá chluais chapaill da raibh í láthair agus as sin amach ní raibh náire air mar gheall ar na cluasa |
![]() |